Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceolchoirm speisialta ar stáitse a dhéanann ceiliúradh ar na hamhráin is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol an lucht éisteachta sa bhfeachtas #AmhranRnaG ar an gclár Cóisir Cheoil. Is i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort a’ Choirce a bheidh an ceolchoirm ar an gCéadaoin, an 7ú Deireadh Fómhair 2026 agus é mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ, RTÉ100 ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn agus tá sé ar cheann de na himeachtaí atá luaite le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Beidh Dónall Mac Ruairí, láithreoir Cóisir Cheoil mar fhear an tí ag an ócáid.
Cloisfear plúr na n-amhránaithe agus ceoltóirí leis an gCeolfhoireann, agus casfaidh siad rogha de na traiceanna a tháinig ó na moltaí a rinne an lucht éisteachta, go h-áirid iad siúd a bhí liostáilte ó 10-1. Deis iontach a bheidh ann athshamhlú cruthaitheach a chur i láthair an phobail ar na hamhráin is ansa linn.
Tá Ceolfhoireann RTÉ ag tacú le healaíontóirí ó 1948, agus tá ríméad orthu tacú leis an ócáid speisialta seo i gcroílár na Gaeltachta i nDún na nGall.