Wednesday, 19 March 2025
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do gach duine ar fud Dhún na nGall — daoine aonair, grúpaí pobail, eagraíochtaí, scoileanna agus gnónna — a gcuid féin a dhéanamh le páirt a ghlacah sa tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2025 agus í a chur chun cinn. Beidh sí ar siúl idir an Aoine 28 Márta agus an Satharn 5 Aibreán.
Cuireann an ceiliúradh seachtaine seo béim ar an obair mhór atá á déanamh ar fud an chontae chun tacú le cuimsiú, le comhionannas agus le héagsúltacht. Tugann sé deis do dhaoine a theacht le chéile, le foghlaim, le nascadh agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an mhéid a tharraingíonn le chéile muid.
Beidh an oscailt oifigiúil ar siúl in Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn ar an Aoine 28 Márta ag 7.00in, agus leanfar ar aghaidh leis an chéad imeacht ina dhiaidh— Cabaret Idirchultúrtha, ina mbeidh ceol, damhsa agus léirithe cultúrtha a thabharfaidh blaiseadh dúinn den éagsúlacht shaibhir atá inár bpobal.
Moltar do gach duine:
Tá réimse leathan imeachtaí beartaithe mar chuid den tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta i nDún na nGall— teacht le chéile sa phobal, léirithe cultúrtha, cainteanna oideachasúla, ceardlanna, taispeántais agus go leor eile— arna eagrú i gcomhar le grúpaí áitiúla, le heagraíochtaí agus le seirbhísí ar fud an chontae.
Moltar do gach duine daoine a chur ar an eolas faoi agus iad a mhealladh le bheith i láthair ag na himeachtaí chun go mbeidh Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta na bliana seo ar an cheann is éifeachtaí go fóill.
Le chéile, déanfaidh muid ceiliúradh ar chumhacht an phobail agus déanfaidh cinnte go mbeidh Dún na nGall níos ionchuimsithí do gach duine.
Le haghaidh tuilleadh eolais, iarratas meáin nó más mian leat páirt a ghlacadh ann, téigh i dteagmháil le:
Christina O’Donnell
Teileafón: 0879192272
Ríomhphost: codonnell@donegalcoco.ie