News

Spreagtar gnólachtaí le bheith páirteach i #LáGnóTuaithe, Dé Céadaoin, 19ú Eanáir

Spreagtar gnólachtaí atá lonnaithe i nÉireann, an Fhionlainn agussan Íoslainn le páirt a ghlacadh I bhfeachtas #LáGnóTuaithe, a mbeidh ar siúl Dé Céadaoin seo, 19ú Eanáir. Is é an aidhm atá leis an imeacht seo, atá á reáchtáil ag Digi2Market, Tionscadal de chuid an AE faoin gClár Forimill Thuaidh agus teorann, nó leis an  méid is mó daoine a spreagadh post a chruthú nó a roinnt faoi #GnóTuaithe, más scéal é faoi ghnó ina bhfuil suim mhóir acu  ann,  an t-urraíocht don phobail áitiúil  a taispeáint nó an ghnó áitiúil is fearr leo, ba bhreá linn do thuairimí a fháil.

I measc na gcomhpháirtithe Éireannacha atá a reáchtáil an ócáid mar chuid an den  tionscadail Digi2Market tá Údaras na Gaeltachta agus WestBIC chomh maith le comhpháirtithe Thuaisceart Éireann, Líonra Limistéar Teorann Láir na hÉireann, Ollscoil Uladh agus dhá chomhpháirtí eile ón Íoslainn agus ón bhFionlainn.

 

Comhpháirtaithe Digi2Market

D’fhógair comhordaitheoir an chláir Digi2Market, Seán Ó Coisdealbha, Údaras na Gaeltachta, sonraí an bhfeachtais Déardaoin (14ú Eanáir). “Ba mhaith linn an méid is mó daoine agus is féidir a fháiltrasnar oileán na hÉireann, san Fhionlainn, san Íoslainn, ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin postáil  faoi #gnótuaithe. Teastaíonn do chabhair uainn le go n-éireoidh leis. Táimid tar éis an t-eolas go léir a theastaíonn uait chun páirt a ghlacadh a chur suas ar líne anseo le haghaidh #lágnótuaithe. Is feachtas dá-theangach é agus mar sin má tá ‘as Gaeilge’ á phostáil agat, bain úsáid as an #lágnótuaithe le do thoil. Eolas as Gaeilge anseo”.

Tar éis rath an bhfheachtas #CeannaighDúnnanGall le gairid, spreagtar gnólachtaí rannpháirteacha freisin chun páirt a ghlacadh i #LáGnóTuaithe. Tá tuilleadh sonraí ar cén bealach is féidir le gnólachtaí agus daoine aonair tacú leis an bhfeachtas ar shuíomh gréasáin  Digit2Market.

 

Tuilleadh eolais do ghnólachtaí agus daoine aonair le suim tacú leis an bhfeachtas ar shuíomh Gréasáin Digit2Market.

 

cliceáil anseo
Tuilleadh eolais do ghnólachtaí agus daoine aonair le suim tacú leis an bhfeachtas ar shuíomh Gréasáin Digit2Market.
Foireann Digi2Market

Rinneadh fógra Digi2Market faoi #LáGnóTuaithe in éineacht leis an bhfógra maidir le tacaíocht margaíochta saor in aisce agus líonraithe do ghnólachtaí tuaithe agus mionscála.

Is é Údarás na Gaeltachta an phríomh-chomhpháirtí i gclár tumtheicneolaíochta an AE. Deir Mícheál gur féidir le gnóthaí tuaithe a bheith scoite amach agus go mbíonn sé deacair orthu margaí móra a bhaint amach.

“Cuidíonn Digi2Market leo teicneolaíochtaí tumthach a úsáid mar VR agus Réaltacht Mhéadaithe chun a gcuid buanna margaíochta a chur chun cinn agus lucht féachana níos mó a bhaint amach. Cuireann sé módh ar fáil dóibh freisin chun nascadh agus líonrú ar líne le gnólachtaí ar fud na hEorpa.”

Deir Alison McGonagle as Ionad Gnó agus Nuálaíochta WestBIC, comhpháirtí eile sa chlár go bhfuil aon ghnó san AE i dteideal clárú leis an gclár. “Mar sin féin, dírímid ar ghnólachtaí tuaithe agus ar mhionscála. Cabhraímid leo na teicneolaíochtaí is déanaí chun a ngnó a mhargú a aithint agus iad a chur i bhfeidhm go h-éifeachtach. Mar shampla, chonaic Sráidbhaile Saoire Lough Lannagh i gCo. Mhaigh Eo pléascadh ina trácht Facebook, simplí trí úsáid a bhaint as físeáin 360°.”

Deir saineolaí taighde meán, Dr Helen Jackson ó Ollscoil Uladh, comhpháirtí Digi2Market eile, go bhfuil na torthaí go h-iontach suas go dtí seo. “Is féidir le h-aipeanna fón póca agus teicneolaíochtaí tumthach na idirghníomhaícohtaí idir daoine agus tarraingt thurasóirí ar nós nós Teampall Mussenden i gCo Dhoire a athrú go bonn."

“Trí spásanna fisiceacha agus fíorúla a nascadh, is féidir le cuairteoirí iniúchadh a dhéanamh ar shuíomh maorga bharr na h-áille agus ceol, ealaín, finscéalta agus scéalta béaloideas na ndaoine a chónaigh ann na céadta bliain ó shin a fháil amach. Agus déanann siad é seo lena fón póca féin i lámh amháin agus a gcosa go daingean ar an talamh.”

Gnólachtaí atá ag iarraidh clárú saor in aisce ar an gclár DigiMarket, cliceáil thíos!

 

 

 

Digi2Market
Gnólachtaí atá ag iarraidh clárú saor in aisce ar an gclár DigiMarket, cliceáil thíos!
Stay in Touch. Sign up for updates, news and events.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy