Infheistiú i nDún na nGall

Eolaíochtaí Beatha

Tá bunáit fhadbhunaithe i nDún na nGall ag an earnáil seo sna réimsí Teicneolaíocht Leighis agus Cúram Sláinte araon. Dáiríre, tá Éire i measc na n-ionad is mó Teicneolaíocht Leighis san Eoraip. Is ionad barr feabhais muid atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus tá an líon is airde daoine per capita san Eoraip againn atá fostaithe sa Teicneolaíocht Leighis. Áirítear le gnólachtaí Teicneolaíocht Leighis i nDún na nGall Medisize agus Moll Industries Ireland.

 

Teicneolaíocht

Meallann ár ngréasáin ardtoillte comhlachtaí áitiúla agus domhanda Teicneolaíochta. Le daoine óga Dhún na nGall atá oilte, sciliúla, uaillmhianacha, tá an lucht saothair ar fáil ag na comhlachtaí seo ar an réimse tallainne a bhíonn de dhíth orthu. Tá an braisle FinTech i nDún na nGall ag fás agus ag tarraingt le chéile comhlachtaí idirnáisiúnta mar Pramerica, le comhlachtaí áitiúilla mar ITUS agus Gartan Technologies. Tá comhlachtaí bogearraí ar nós Sita, Druva agus SecureLAN Systems suite anseo fosta.

 

Seirbhísí Gnó

D'fhás an earnáil seo le freastal ar riachtanais an gheilleagair áitiúil agus ar chliaint náisiúnta agus idirnáisiúnta. I réimse na Seirbhísí Airgeadais, i measc na gcomhlachtaí áitiúla a bhfuil ag éirí go maith leo agus atá ag buachan gradam tá Accountant Online agus Cerebreon, agus Pramerica, an soláthraí domhanda. I measc na ngnólachtaí Seirbhísí Custaiméirí atá lonnaithe anseo tá Forward Emphasis agus Optum. Lena chois sin, tá fás ag teacht ar an réimse de chomhlachtaí seirbhísí gairmiúla againn, idir sheirbhísí dleathacha, AD, innealtóireachta, cuntasaíochta, forbairt gréasáin, margaíochta agus tuilleadh.

Innealtóireacht agus Déantúsaíocht

Tá lear mór gnólachtaí innealtóireachta agus déantúsaíochta lonnaithe i nDún na nGall. Ina measc, tá comhlachtaí idirnáisiúnta ar nós Zeus agus comhlachtaí de chuid an chontae atá ag fás leo amhail E&I Engineering, Irish Pressings, Fleming Engineering. Tá an cladach is faide in Éirinn againn agus traidisiún fada iascaireachta agus loingseoireachta agus ní nach ionadh, mar sin, gur bunáit iontach é ag an Innealtóireacht Mhuirí. Áirítear SeaQuest Systems agus EK Marine ar na mórchomhlachtaí innealtóireachta muirí atá lonnaithe sna Cealla Beaga, an calafort iascaireachta is mó in Éirinn.

Teicneolaíocht Ghlantóireachta

Leis an Aigéan Atlantach agus radhairc thíre áille thart timpeall orainn, is ionad foirfe é Dún na nGall faoi choinne gnólachtaí Teicneolaíocht Ghlantóireachta. Aidhm atá ag Éirinn gur mol príomha infheistíochta í feasta don Teicneolaíocht Ghlantóireachta. Glacann Dún na nGall go fonnmhar leis an straitéis seo agus cothaíonn gnólachtaí Teicneolaíocht Ghlantóireachta atá ag feidhmiú le tionchair dhiúltacha timpeallachta a laghdú trí éifeachtúlacht shuntasach fuinnimh, úsáid inbhuanaithe acmhainní nó gníomhaíochtaí cosanta comhshaoil. I measc chomhlachtaí Theicneolaíocht Ghlantóireachta Dhún na nGall tá EnviroGrind agus Dúlabio.

Bia agus Deoch

Tá caighdeán thar a bheith ard comhábhair nádúrtha agus bia ag Dún na nGall. Fásaimid bia ardcháilíochta agus tá cultúr bia mara den scoth againn. Táimid ag tuilleamh clú dúinn féin mar cheann scríbe bia beadaí agus gradaim á ngnóthú againn dár gcuid oibre. Trí Chósta Bia Dhún na nGall tá ár gcontae ag tabhairt a lán tacaíochta, chan é amháin do bhialanna ach do tháirgeoirí bia agus deochanna fosta. I measc na gcroí-ghnólachtaí deochanna tá Mulrines juice experts, Sliabh Liag Distilleries agus na táirgeoirí móra beoir cheirde, Kinnegar. I measc na dtáirgeoirí agrai-bhia tá Nomadic agus Donegal Rapeseed agus áirítear Mowi Ireland agus Errigal Bay ar an Charraig ar na táirgeoirí bia mara.

Turasóireacht

Tá clú tuillte againn as cairdeas agus fáilteachas agus anois as réimse de roghanna iontacha saoire. I dtaca le lóistín de, tá óstáin 5 réalta againn agus tithe fáilteacha leaba agus bricfeasta, tithe beaga féinfhreastail agus glampáil ghalánta. Tá réimse de ghníomhaíochtaí ar fáil ó spóirt farraige agus eachtraíochta go conairí siúlóireachta agus dreapadóireachta agus faill ag daoine ár saibhreas seandálaíochta a thaiscéaladh. Lena chois sin, tá a oiread eispéiris éagsúla bialainne ann ón chuid is leagtha siar go dtí an caighdeán is airde ar fad ar Chósta Bia Dhún na nGall. Tuilleadh eolais ag GoVisitDonegal

 

Níos mó ar Infheistiú i nDún na nGall

Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy