Cá háit a dtig staidéar a dhéanamh?

Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar an soláthróir oideachais agus oiliúna is mó i gContae Dhún na nGall. Cuireann siad réimse leathan de sheirbhísí oideachais agus oiliúna ar fáil do thart ar 29,000 scoláire gach bliain. Bíonn siad ag gabháil go gníomhach do bhreisfhorbairt an tsoláthair oideachais agus oiliúna sa Chontae agus tá cruthaithe acu le fada go mbíonn de sholúbthacht acu freagairt do riachtanais agus d’uaillmhianta an phobail agus fostóirí.

Tá sé ar an phríomhsholáthróir Breisoideachais agus Oiliúna sa tír nó cuireann siad ar fáil réimse leathan de chúrsaí lán- agus páirtaimseartha ó Leibhéil 1-6; tugann thart ar 10,000 mac léinn faoi réimse ollmhór de chúrsaí achan bhliain agus iad dírithe ar gach leibhéal scile agus agus ábaltachta. Cuireann an tSeirbhís Bhreisoideachais agus Oiliúna cúrsaí agus cláir ar fáil fud fad an chontae i seacht gcinn déag d’Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna, 100+ ionad for-rochtana nó ar líne nó ar an láthair oibre d’fhostóirí.

Tacaíonn na Seirbhísí Rannpháirtíochta Fiontraíochta le fostóirí lucht saothair Dhún na nGall a uasoiliúint agus a athoiliúint. Ar na disciplíní a chuimsítear, tá riarachán agus gnó, innealtóireacht agus tógáil, ealaín agus teangacha, sláinte agus cúram, TF agus margaíocht, turasóireacht agus iompar, foghlaim teaghlaigh agus ghinearálta, forbairt ghairmiúil, spóirt agus eachtraíochta agus i bhfad níos mó.

Aimsitheoir Cúrsa

Aimsitheoir Cúrsa

Tá cúrsaí ar fáil thar réimse leathan disciplíní mar gnó, innealtóireacht agus tógala.

tuilleadh eolais
Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin.

Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin.

Réimse cuimsithe cláir eachtraíochta, fóillíochta agus oiliúna allamuigh.

Tuilleadh Eolais
Comhpháirtíocht Oideachas Ceoil  (DMEP)

Comhpháirtíocht Oideachas Ceoil (DMEP)

Oideachas ceoil inacmhainne agus insroichte do dhaoine óga.

tuilleadh eolais
Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy