Tá a oiread sin ar tairiscint ach tú Dún na nGall a roghnú mar bhunáit staidéir. Ar an chéad dul síos, tá caighdeán agus ábharthacht na gcúrsaí atá ar fáil. Bíonn lucht riartha na gcúrsaí breis- agus ardoideachais s’againn ag obair go dlúth le comhpháirtithe tionsclaíochta d’fhonn ábhar cúrsaí nuálacha a fhorbairt. Ciallaíonn sé seo go dtig oideachas spreagúil a chomhtháthú leis na scileanna nua-aimseartha a mbíonn fostóirí ar a lorg.
Tá muid oilte, sciliúil agus forásach. Is Dúchasaigh Dhigiteacha, Uaillmhianacha muid.
Céad Míle Fáilte! Fearfar fáilte chroíúil chairdiúil romhat sa chontae seo. Cónaíonn pobal ilchineálach de thart ar 30,000 mac léinn anseo agus iad scaipthe idir cúrsaí agus coláistí breis- agus ardoideachais fud fad an chontae. Tá áit lárnach ag ár gcuid mac léinn sa phobal s’againn agus is bunchuid de DNA Dhún na nGall iad.
Agus, lena chois sin, thig leat eolas a chur ar an chontae fhairsing fhiáin álainn s’againn. Tránna órga, surfáil agus spóirt uisce sa chontae is faide cósta in Éirinn…siúlóidí sléibhe a bhainfeadh an ceo de d’intinn…saibhreas ceoil agus ealaíon mar a mbíonn féilte ann ó cheann ceann na bliana agus imeachtaí a shásódh achan duine…gan trácht ar an Ghaeltacht is mó in Éirinn, áit a dtig snas a chur ar do chuid Gaeilge.
Oideachas ard-chaighdéanach agus timpeallacht spraoiúil, cairdiúil, foghlama le deiseanna iontach ghairmiúil. Tá a lán fáthanna le Dún na nGall a roghnú mar an áit is fear le staidéar.
From high quality education to a fun, friendly learning environment with strong career prospects. There are so many reasons to choose Donegal as your destination for study.
tuilleadh eolaisAn bhfuil tú ag smaoineadh ar IarThuaiscirt na hÉireann mar áit chun do chuid staidéar a dhéanamh?
Faigh amach an t-eolais a theastaíonn uait chun do thuras a thosú agus scéalta a chloisteáil ó roinnt mic léinn idirnáisiúnta atá i nDún na nGall faoi láthair.
Tuilleadh Eolais