News

Image Section

#DúnnanGallAbú á cheiliúradh ar an 17 Meán Fómhair 2026

Déanfar #DúnnanGallAbú a cheiliúradh ar an Chéadaoin, 10 Meán Fómhair i mbliana. Tabharfar pobail, gnólachtaí, scoileanna, eagraíochtaí agus baill de Diaspóra Dhún na nGall le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar mhuintir, ar áiteanna, ar chultúr  an chontae agus ar an spiorad pobail sin a chuireann le draíocht Dhún na nGall.

Is é seo an seachtú bliain den fheachtas, ina mealltar duine ar bith a bhfuil ceangal acu le Dún na nGall, lena mbród dá gcontae dúchais a léiriú le cois na fáthanna éagsúla a bhfuil a gcroí istigh i nDún na nGall – mar áit chónaithe, áit oibre, áit chuairte agus áit dúchais.

Idir thírdhreacha áille, bhailte bríomhara, ghnólachtaí rathúla, oidhreacht shaibhir chúltúrtha agus phobail fháilteacha, leagann #DúnnanGallAbú béim ar an chuid is fearr den Dhún na nGall agus ar na daoine a chuireann leis an chontae.

Is cuid de bhrandáil áite agus gníomhaíochtaí bolscaireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall é #DúnnanGallAbú a dhéantar tríd an suíomh gréasáin Donegal.ie. Cuirtear Dún na nGall chun tosaigh mar ardáit chun cónaí ann, oibriú ann, infheistíocht a dhéanamh ann agus bheith i mbun spaisteoireachta ann. Tá an feachtas á chomhordú ag Rannóg Forbartha Eacnamaíochta na Comhairle Contae. Bhí feachtas #DúnnanGallAbú na bliana seo caite ar an cheann ba rathúla go dtí seo. Cothaíodh ceangal le 109 milliún duine ar fud an domhain agus suas le 146.7 milliún duine i gcaitheamh an deireadh seachtaine. 

Ag labhairt dó faoin fheachtas, creideann Cathaoirleach na Comhairle Gary Doherty, “Is ceiliúradh é Dún na nGall Abú ar achan rud a chuireann leis an chontae seo le go mbeadh sé ina áit iontach. Is deis í chun aitheantas a thabhairt dár bpobail, chun tacú le gnólachtaí áitiúla, chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr is oidhreacht agus chun ceangal a chothú aríst leis na daoine agus leis na háiteanna sin atá gar dár gcroí. Más i nDún na nGall atá tú nó mar chuid do chlann ár gcontae ar fud na cruinne, molaim d’achan duine a bheith rannpháirteach agus a scéal faoi Dhún na nGall a roinnt linn.”

Tá lucht eagraithe an fheachtais ag moladh d’ionadaithe as achan earnáil a bheith rannpháirteach ann, lena n-áirítear grúpaí pobail, eagrais spóirt, scoileanna, ealaíontóirí, gnólachtaí agus seirbhísí poiblí. Trí theacht le chéile táthar ag súil go gcothóidh #DúnnanGallAbú bród agus mórtas agus go gcuirfear Dún na nGall chun cinn mar áit a bhfuil féidearthachtaí ann chomh maith le cruthaitheacht agus nuálaíocht.

Chun Dún na nGall a cheiliúradh ar fud na meán sóisialta, moltar do dhaoine agus d’eagraíochtaí scéalta, grianghraif, físeáin agus teachtaireachtaí a roinnt trí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #DúnnanGallAbú agus #LoveDonegal.

Is cuma más duine áitiúil thú, más ball de Diaspóra Dhún na nGall thú nó más duine thú a bhfuil do chroí istigh i nDún na nGall, thig a bheith rannpháirteach agus tacú leis ar dhóigheanna éagsúla.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an dóigh ar féidir leat a bheith rannpháirteach ann le fáil ar www.donegal.ie/lovedonegal nó lean @Donegal_ie ar na meáin shóisialta.

Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy