News

Image Section

Cill Ulta - Ag cur na síolta le haghaidh nuálaíocht bia inbhuanaithe

Tá Lárionad Acmhainní Nádúrtha LAN CTR (ag feidhmiú mar Chill Ulta) lonnaithe i mbaile fearainn Chill Ulta, An Fhál Carrach, Co. Dhún na nGall. Is ionad é LAN, nó Cill Ulta mar is fearr aithne air, le haghaidh bia inmharthana, fuinneamh, taighde agus caomhnú an teanga Gaeilge, ní amháin do Dhún na nGall, ach don réigiún iarthuaiscirt uilig. Tá an fiontar shóisialta seo ag dul fríd athrú suntasach agus ag tógáil ar a n’oidhreacht féin le todhchaí s’acu a chruthú.

Suíomh Cill Ulta - Radharc ón spéir

“Thosaigh an tionscadal ar dtús mar fhiontar fás trátaí sna 1960í. De réir mar a mhéadaigh praghsanna ola, thosaigh an slabhra luacha easpórtáil go Baile Átha Cliath abheith neamhbrabúsach, a mhíníonn an bainisteoir, Eithne Nic Lochlainn. Sa bhlian 2003, Athbhunaigh an pobal áitiúil an suíomh agus trí obair dhian agus iarrachtaí deonacha, bhí said abalta cuid mhór den bunthalamh a shábháil agus an suíomh ina bhfuil an 1-acra teach gloinne lonnaithe ar.

Tá Cill Ulta lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall, rud atá thar a bheith tábhachtach ó thaobh an teanga, cultúir agus oidhreachta de. Le seo, is é ceann dena príomh aidhmeanna nó le cinntiú go bhfuil na scileanna saothrú barra ag sul síos go dtí an chéad glúin eile agus an t-aos óg sa phobail Sa bhliain 2003, an pobal, misean lárnach. ‘’ Gach bhliain, tugaimid isteach 10 duine óg ón bpobal chun taithí oibre íoctha luachmhar a fháil i gcleachtais shaothrú agus taighde. Is breá liom an paisean d’ár dteanga, bithéagsúlacht, ceannaireacht, agus forbairt tuaithe, atá le feiceáil chomh luath agus a shiúlann tú ar an suíomh’’ a mdeireann an Bainisteoir Tionscadail, Mairéad Nic an Iomaire.

Eithne & Mairead

Is iad Mairéad agus Eithne buunchloch Chill Ulta, a oibríonn in éineacht le deichniúr ball foirne, le breis agus 70 grúpa pobail, chomh maith le comhpháirtithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla thar raon de chláir inbhuanaitheachta agus bhithéagsúlachta. Tá cónaí ar Eithne sa cheantar agus tá cuid mhór dá h-iarrachtaí dírithe ar an bhfiontar shóisialta thar a bheith tábhachtach seo. Tá Mairéad as Ghaeltacht Chonamara ó dhúchas, pairteach san eagraíocht le 2 bhliain anuas.

‘‘Cá fhad atá agat?’ a bhí mar fhreagra ón mbeirt, nuair a cuireadh ceist orthu faoina dtionscadail reatha. “Ag tosú ar ardleibhéal, tá dhá Chlár Nuálaíochta Eorpacha againn a dhíríonn ar thalamh tréigthe a thabhairt chun saothrú trí úsáid a bhaint as modhanna athghiniúnach feirmeoireachta. Áirítear leis seo fás agus soláthar táirgí inbhuanaithe áitiúla, taighde bithéagsúlachta agus ceardlanna oiliúna” a deir Eithne le meangadh gealgáire.

Cuireann Eithne leis seo ‘’ taobh lenár mbonn pobail féin, tacaíocht agus comhoibriú ar thaighde agus ar mhaoiniú le páirtithe seachtracha ar nós Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Pobal, Teagasc, UCC agus bhí UCD an-tairbheach d’ár bhforbairt fosta.’’.

Polatolláin Cill Ulta

Le ocht mí dhéag anuas, tá iarracht mhór déanta ag Cill Ulta ‘Mol Bithgheilleagair an Iarthuaiscirt’ a bhunú ar an suíomh. Éascóidh sé seo d’fhiontraithe bia agus do Gnóthais bheaga agus mheánmhéide (SME) táirgí inbhuanaithe agus breisluacha a fhorbairt, ag laghdú dramhaíola, agus ag cur le cumas agus fás na gcomhpháirtithe gnó. ‘‘Tá maoiniú faighte againn cheana féin chun tacú le forbairt agus sa deireadh thiar, is mian linn deiseanna fostaíochta a chruthú agus a chothú trí theicneolaíocht nuálaíoch feirmeoireachta agus bia’’ a mhíníonn Mairéad.

Is é an rud is suntasaach faoi Chill Ulta ná an raon agus fairsinge tionscadal ina bhfuil baint acu leo. Tá sé ar fad fréamhaithe go daingean ina bhfís chun “réiteach Éireannach a chur chun cinn maidir lena dúshlán athrú aeráide agus spleáchas ar allmhairí talmhaíochta, agus ag tacú le cultúr, teanga agus daonra Ghaeltacht Dhún na nGall ag an am ceanna. Tá ár bpobal i gcroílár I ngach rud a ndéanaimid, tá siad páirteach agus bainteach i ngach gné. Tá athruithe spreagúla ag tarlú i gCill Ulta agus cé go bhfuil eolas, taighde agus fás straitéiseach á gcur i bhfeidhm againn i ngach rud a dhéanaimid, caithfidh muid eolas an ama atá thart a chaomhnú chomh maith.’’

Is feachtas tiomsaithe airgid nua é ‘Cairde Chill Ulta’ chun cabhrú le forbairt an Mhoil Bhithgheilleagair Thiar Thuaidh, agus ag an am céanna, aistriú eolais idirnáisiúnta a fhorbairt do réigiúin eile ar nós Chill Ulta, chun cleachtais a fhorbairt chun gníomhaíochtaí aeráide a fheabhsú. 

Tá Cill Ulta ina rannpháirtí san fheachtas #CeannaighDúnnanGall, a spreagann daoine tacaíocht a thabhairt do ghnóthaí dúchasacha i nDún na nGall cíbe áit ar domhan ina bhfuil siad. 

Dóibh siúd ar mhian leo leas a bhaint as glasraí agus luibheanna úra a tháirgtear go h-áitiúil, is féidir leat a cheannach ar líne ag

anseo
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy