Dé Máirt, 28 Iúil 2026
Déanfar #DúnnanGallAbú a cheiliúradh ar an Chéadaoin, 10 Meán Fómhair i mbliana. Tabharfar pobail, gnólachtaí, scoileanna, eagraíochtaí agus baill de Diaspóra Dhún na nGall le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar mhuintir, ar áiteanna, ar chultúr an chontae agus ar an spiorad pobail sin a chuireann le draíocht Dhún na nGall.
Is é seo an seachtú bliain den fheachtas, ina mealltar duine ar bith a bhfuil ceangal acu le Dún na nGall, lena mbród dá gcontae dúchais a léiriú le cois na fáthanna éagsúla a bhfuil a gcroí istigh i nDún na nGall – mar áit chónaithe, áit oibre, áit chuairte agus áit dúchais.
Idir thírdhreacha áille, bhailte bríomhara, ghnólachtaí rathúla, oidhreacht shaibhir chúltúrtha agus phobail fháilteacha, leagann #DúnnanGallAbú béim ar an chuid is fearr den Dhún na nGall agus ar na daoine a chuireann leis an chontae.
Is cuid de bhrandáil áite agus gníomhaíochtaí bolscaireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall é #DúnnanGallAbú a dhéantar tríd an suíomh gréasáin Donegal.ie. Cuirtear Dún na nGall chun tosaigh mar ardáit chun cónaí ann, oibriú ann, infheistíocht a dhéanamh ann agus bheith i mbun spaisteoireachta ann. Tá an feachtas á chomhordú ag Rannóg Forbartha Eacnamaíochta na Comhairle Contae. Bhí feachtas #DúnnanGallAbú na bliana seo caite ar an cheann ba rathúla go dtí seo. Cothaíodh ceangal le 109 milliún duine ar fud an domhain agus suas le 146.7 milliún duine i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Ag labhairt dó faoin fheachtas, creideann Cathaoirleach na Comhairle Gary Doherty, “Is ceiliúradh é Dún na nGall Abú ar achan rud a chuireann leis an chontae seo le go mbeadh sé ina áit iontach. Is deis í chun aitheantas a thabhairt dár bpobail, chun tacú le gnólachtaí áitiúla, chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr is oidhreacht agus chun ceangal a chothú aríst leis na daoine agus leis na háiteanna sin atá gar dár gcroí. Más i nDún na nGall atá tú nó mar chuid do chlann ár gcontae ar fud na cruinne, molaim d’achan duine a bheith rannpháirteach agus a scéal faoi Dhún na nGall a roinnt linn.”
Tá lucht eagraithe an fheachtais ag moladh d’ionadaithe as achan earnáil a bheith rannpháirteach ann, lena n-áirítear grúpaí pobail, eagrais spóirt, scoileanna, ealaíontóirí, gnólachtaí agus seirbhísí poiblí. Trí theacht le chéile táthar ag súil go gcothóidh #DúnnanGallAbú bród agus mórtas agus go gcuirfear Dún na nGall chun cinn mar áit a bhfuil féidearthachtaí ann chomh maith le cruthaitheacht agus nuálaíocht.
Chun Dún na nGall a cheiliúradh ar fud na meán sóisialta, moltar do dhaoine agus d’eagraíochtaí scéalta, grianghraif, físeáin agus teachtaireachtaí a roinnt trí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #DúnnanGallAbú agus #LoveDonegal.
Is cuma más duine áitiúil thú, más ball de Diaspóra Dhún na nGall thú nó más duine thú a bhfuil do chroí istigh i nDún na nGall, thig a bheith rannpháirteach agus tacú leis ar dhóigheanna éagsúla.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an dóigh ar féidir leat a bheith rannpháirteach ann le fáil ar www.donegal.ie/lovedonegal nó lean @Donegal_ie ar na meáin shóisialta.