Pleanáil do chuairt ar Dhún na nGall, contae fhiáin álainn – an chuid ársa dhílis de DNA na hÉireann. Is muidne an chuid is faide ó thuaidh de Slí an Atlantaigh Fhiáin agus an chontae leis an chósta is faide ar oileán. Tá muid Éagsúil, Dúchasach agus Nádúrtha.
Fiosraigh conair aillte Shliabh Liag – na h-aillte farraige inrochtana is airde san Eoraip. Mothaigh an ghaoth ag Cionn Mhálanna, áit álainn a bhainfeadh an anáil díot, áit ar scannánaíodh Star Wars agus an pointe is faide ó thuaidh in Éirinn. Imir babhta gailf i Galfchumann Bhaile Lifín, áit ar óstáladh Comórtas Oscailte na hÉireann i 2018.
Tá rud éigin ann do achan duine le taiscéaladh i nDún na nGall.