Staidéar i nDún na nGall

Sé fáth le staidéar i nDún na nGall

Ó oideachas ardchaighdeáin go timpeallacht foghlama spraoíúil, chairdiúil le h-ionchais láidre gairme. Tá an oiread sin fáthanna ann le Dúhn na nGall a roghnú mar do cheann scríbe le haghaidh staidéir. 

Oideachas ardchaighdeáin

Bíonn na soláthróirí breis- agus ardoideachais s’againn ag obair go dlúth le comhpháirtithe tionsclaíochta d’fhonn ábhar cúrsaí nuálacha a fhorbairt. Mar sin, bíonn na cláir a reáchtálann siad á gcur in oiriúint agus á bhforbairt d’fhonn mic léinn a fheistiú leis an chineál oideachais a bheas de dhíth orthu don saol mar atá. Treisíonn sé seo muinín na mac léinn, cuimsíonn oiliúint scileanna atá ábhartha agus cothrom le dáta agus cuireann sé lena n-infhostaitheacht.

Oideachas ardchaighdeáin
Costas íseal maireachtála

Costas íseal maireachtála

Thig le mic léinn – agus lena dtuismitheoirí! – coigilteas mór a dhéanamh ach Dún na nGall a roghnú mar bhunáit staidéir. Tá an meánchostas a bhaineann le hárasán a fháil ar cíos i nDún na nGall i bhfad níos réasúnta ná cuid mhaith áiteanna eile in Éirinn. Mar shampla, tá sé 60% níos ísle ná mar atá sé i mBaile Átha Cliath, de réir figiúirí GeoDirectory.

 

Sábháilte, cairdiúil, spraíúil

 Tá sé de chlú ar mhuintir Dhún na nGall, clú atá breá tuillte acu, go bhfuil siad cairdiúil fáilteach flaithiúil. Fágann na rátaí ísle coiriúlachta s’againn agus na rátaí arda sábháilteachta (NUMBEO) gur rogha iontach é Dhún na nGall. Ar a bharr sin, tá cuid mhór le déanamh anseo! Is féidir dul le spóirt farraige nó eachtraíochta amhail surfáil agus curachóireacht nó fánaíocht agus sléibhteoireacht. Sin, nó clárú leis an chlub áitiúil CLG, sacair nó lúthchleasaíochta.

Sábháilte, cairdiúil, spraíúil

An Béarla i réim ach le Blas idirnáisiúnta

Tagann mic léinn go Dhún na nGall as thart ar 30 tír éagsúil lena n-áirítear breis agus 15 thír lasmuigh den AE san Áise, i SAM agus san Afraic. Bíonn Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn rannpháirteach sa chlár malartaithe mac léinn, Erasmus. Ar a bharr sin, tá naisc ag an choláiste sa tSín le hOllscoil Chengdu Neueseoft agus le hOllscoil Chongqing in Chengdu. Sna Stáit Aontaithe, tá comhpháirtíocht forbartha ag an institiúid le hOllscoil Lasell agus le hOllscoil Worcester State.  

An Béarla i réim ach le Blas idirnáisiúnta
An Chontae ar fad ar leac an dorais

An Chontae ar fad ar leac an dorais

Amach leat go gcuire tú eolas ar an Chontae álainn fhiáin seo, contae a léiríonn go fírinneach an chuid is fearr dá bhfuil le tairiscint in Éirinn. Na mílte fada de thránna órga sa Chontae is faide cósta in Éirinn. Áiteanna iontacha amhail aillte cósta Shliabh Liag agus Grianán Ailigh ársa…sléibhte maorga amhail an Earagail agus an Mhucais. Chomh maith leis sin, tá an ceol agus na healaíona go mór i réim agus tá borradh mór ag teacht ar chultúr an bhia bheadaí, rud ab fhiú go mór a bhlaiseadh.

Earnáil dhinimiciúil theicneolaíochta

Cuimsíonn an earnáil mhéadaitheach theicneolaíochta s’againn scoth na ngnólachtaí Infheistíocht Dhíreach Eachtrach amhail Pramerica agus Optum, agus gnólachtaí Teicneolaíochtaí Leighis amhail Abbott agus Randox. Tá bunáit ag SITA anseo - an príomhchomhlacht speisialtóra ar domhan sa chumarsáid aeriompair agus i réitigh Theicneolaíocht na Faisnéise. Agus tá réimse méadaitheach againn de ghnólachtaí teicneolaíochta dár gcuid féin amhail Accountant Online agus Cloud Ranger, dhá chomhlacht a bhfuil gradaim buaite acu.

Earnáil dhinimiciúil theicneolaíochta

Níos mó ar Staidéar i nDún na nGall

Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy