Cá háit a dtig staidéar a dhéanamh?

Ollscoil Uladh, Campas Mac Aoidh

Suite díreach gearr ó Chontae Dhún na nGall, is meascán álainn d’fhoirgnimh sean agus úr é Campas Mac Aoidh, Ollscoil Uladh, atá suite i gcroílár na cathrach. Siúil tríd an gcampas agus faigh caife nó freastal ar cheolchoirm 'Music at One' ag am lóin.

Suite taobh istigh de ballaí stairiúil cathair Dhoire áit a mbuaileann Sí an Atlantaigh Fhiáin le Chósta Clocháin an Aifir, déan staidéar chóir áilleacht Dhún na nGall. I measc na buanna teagaisc ar an gcampas tá Gaeilge, ceol, na h-ealaíona cineamatacha, altranais, cúram shóisialta, gnó, ríomhaireacht, innealtóireacht agus dlí.

Ag am spreagúil don Iarthuaisceart, tá taighdeoirí atá lonnaithe i gcampas Mac Aoidh  ina gcomhpháirtithe straitéiseacha i nDearadh Chathair Dhoire agus an tSratha Báin, infheistíocht bhunathraithe £250m sa chathair agus sa réigiún. Beidh Doire ina mhol don tsláinte agus nuálaíochta le hionaid taighde do róbataic, intleacht shaorga agus leigheas pearsantaithe. Le tuilleadh eolais  fháil, tabhair cuairt ar www.derrycitydeal.com.

Tá campas Mac Aoidh bródúil as cur le cáil an réigiúin as Nuálaíocht agus Sláinte agus Cúram Shóisialta. Osclófar Scoil Leighis nua i 2021 agus rinne ár Scoil Altranais ceiliúradh ar 45 bliain le gairid agus tá sí rangaithe ag uimhir 1 ar an oileán

Le láithreacht ar fud an réigiúin, is é an aidhm atá againn san Iarthuaisceart ná rannóg oideachais rathúil a chothú le comhpháirtithe trasteorann mar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus taighde agus nuálaíocht a thiomáint chun forbairt eacnamaíoch agus athghiniúint réigiún Dhoire agus an tuaiscirt a bhrú chun cinn chomh maith le iarthuaisceart na hÉireann.

Aimsitheoir Cúrsa

Aimsitheoir Cúrsa

Cúrsaí thar réimse disciplíní mar ghnó, na healaíona cineamatacha, Gaeilge, drámaíocht, ríomhaireacht, innealtóireacht, altranais agus dlí

tuilleadh eolais
Níos mó ar Ollscoil Uladh

Níos mó ar Ollscoil Uladh

Faigh amach faoi shaol na mac léinn, sonraí an champais, gairmeacha agus deiseanna, nuacht agus imeachtaí.

Tabhair Cuairt ar an Suíomh
Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy