Cá háit a dtig staidéar a dhéanamh?

Ag Staidéar i Ollscoil Teicheolaíochta an Atlantaigh (OTA) Dhún na nGall

Is éa OTA ar cheann de na hollscoileanna teicneolaíochta il-champais is mó ar oileán na hÉireann. Tá na gcampais suite i iarthar agus iarthuaisceart na hÉireann agus cuireann said  meascán saibhir d’fheabhas acadúil agus taighde, cáilíocht saoil agus deiseanna ar fáil.

Cuireann OTA Dhún na nGall béim mhór ar chomhpháirtíocht le lucht tionsclaíochta áitiúil agus ar an nuálaíocht d’fhonn scileanna agus infhostaitheacht na mac léinn a fheabhsú. Tá dhá champas chomhaimseartha ag an choláiste  i Leitir Ceanainn agus sna Cealla Beaga, le cáiliúcháin ar fáil iontu ó Leibhéal 6 (Ardtheastas) aníos go dtí Leibhéal 10 (PhD). Tá pobal de thart ar 4,500+ mac léinn ann as gach cearn den oileán agus as breis agus 30 tír a bhaineann leas as an atmaisféar bhríomhar ar na campais. I láthair na huaire, tá comhpháirtíochtaí i bhfeidhm ag OTA Dhún na nGall le breis agus 50 Institiúid Ardoideachais go h-idirnáisiúnta.

Tá éiteas uaillmhianach forásach ag OTA Dhún na Gall. Táthar i ndiaidh curaclam na gcúrsaí a leathnú le níos mó ná 30 clár a thairiscint i roinnt disciplíní lena n-áirítear gnó, eolaíocht, spórt, dearadh agus na meáin chruthaitheacha, dlí, innealtóireacht, ealaíona cócaireachta, turasóireacht, altranas agus staidéir sláinte, cúram páistí agus ríomhaireacht. Tá teagmháil le lucht tionsclaíochta thar a bheith tábhachtach nó tá deiseanna i dtaca le socrúcháin oibre ar fáil i níos mó ná 65% de na cláir fochéime.

Tabharfaidh OTA DHún na nGall deis duit blaiseadh a fháil ar oidhreacht shaibhir chultúrtha Dhún na nGall agus tú i mbun staidéir i dtimpeallacht chairdiúil thacúil inacmhainne. Ní hamháin go bhfuil an réigiún seo ar cheann de na ceantair is áille neamh-mhillte in Éirinn, tá éiceachóras rathúil fiontraíochta i réim ann. Éiríonn le roinnt mhaith mac léinn obair pháirtaimseartha a aimsiú sa réigiún agus iad i mbun staidéir. Faigheann na mic léinn eispéireas bríomhar sna campais, áit a bhfuil réimse de chlubanna agus de chumainn mar aon le clár spórt fíorghnóthach a reáchtáiltear ó cheann ceann na bliana.

Ar bhonn trasteorann, bíonn OTA Dhún na nGall ag comhoibriú go dlúth le Coláiste Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, i nDoire, ar chúrsaí agus ar thaighde. Soláthraíonn ITLC tacaíocht do ghnólachtaí fosta trí chúrsaí speisialaithe gearrthéarmacha, trí thaighde agus trí líonrú. Is ar champas Leitir Ceanainn fosta atá CoLab lonnaithe, lárionad nuálaíochta a sholáthraíonn spásanna oifige solúbtha agus áiseanna den chéad scoth do ghnólachtaí nuathionscanta ardionchais. Is ionann CoLab agus comhphobal d’fhiontraithe agus cultúr comhoibrithe. Sa bhliain 2020, d’oscail an institiúid ionad úr taighde do mhic léinn – Svuít Taighde William C Campbell. Is croíthosaíocht de chuid OTA Dhún na nGall é an taighde.

 

Ollscoil Teicheolaíochta an Atlantaigh Dhún na nGall

Ollscoil Teicheolaíochta an Atlantaigh Dhún na nGall

130 cláir thar ceithre scoil Ghnó, Turasóireacht, Innealtóireacht agus Eolaíocht, tá ár chúrsaí chomh dinimiciúil lenár gcuid mic léinn (a thagann as síos an bóthar chomh maith le os cionn 31 tír eile), a maireann idir blian amhain agus ceithre bhliain; ag ceangail teoiric acadúil le scileanna forbartha praiticiúil.

 

Roghnaidh do Chúrsa
Roinn Fáilteachais, Turasóireacht & Scileanna Cócaireachta, OTA na Cealla Beaga

Roinn Fáilteachais, Turasóireacht & Scileanna Cócaireachta, OTA na Cealla Beaga

Tá Roinn Fáilteachais, Turasóireachta agus Ealaín Cócaireachta lonnaithe sna Cealla Beaga agus tá clú seanbhunaithe orthu as céimithe ardchaighdeáin a chur amach. Cuimsíonn a gcuid cláir na gnéithe gnó agus praiticiúla a bhaineann leis an turasóireacht, fáilteachas agus cócaireacht ghairmiúil a fheistíonn céimithe leis an eolas phraiticiúil agus na scileanna riachtanacha le go dtig leo a bheith ag obair sa tionscal spreagúil seo aon áit ar domhan. Feistítear iad fosta leis na scileanna fiontraíochta a bheadh de dhíth orthu más mian leo a ngnó féin turasóireachta nó fáilteachais a reáchtáil. Is amhlaidh go bhfuair cuid de scothchócairí na hÉireann a gcuid oiliúna anseo, sular bhunaigh siad na bialanna gradamacha s’acu.

Is ar an champas fosta atá Ionad Oiliúna Fuinnimh Gaoithe ITLC lonnaithe.

 

Cúrsaí Fóchéime

Cúrsaí Fóchéime

Tá roghnú cúrsa fochéime ar cheann de na cinntí is tábhachtaí a dhéanfaidh tú i rith do shaol. Féach ar aon cheann d'ár 50+ gcúrsaí agus cad atá le rá ag ár gcuid mhic léinn.

Féach Cúrsaí Fóchéime
Cúrsaí Iarchéime

Cúrsaí Iarchéime

Tugann ár chúrsaí maistreachta an deis duit do chuid foghlama & dul chun cinn gairme a dhíriú ar réimsí speisialaithe.

Féach Cúrsaí Iarchéime
Cúrsaí Páirt-Aimseartha

Cúrsaí Páirt-Aimseartha

Déan staidéar ar chúrsa páirt-aimseartha a oireann do d'shaol. Bí réidh le bheith spreagtha.

Cúrsaí Páirt-Aimseartha
Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy