Cá háit a dtig staidéar a dhéanamh?

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Acadamh Ghaoth Dobhair

Cuirtear oideachas tríú leibhéal ar fáil trí mheán na Gaeilge ag an champas de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag Acadamh Ghaoth Dobhair. Tá an campas suite i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall agus soláthraíonn thart ar 15 de chláir dhioplóma, chéime agus iarchéime.

Tá na cúrsaí dírithe ar phobal áitiúil na Gaeltachta agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge fosta. Cuirtear béim láidir sna cúrsaí ar shaineolas cleachtasbhunaithe, mar aon le bunús stóinsithe teoirice. Déantar seo lena chinntiú go mbíonn céimithe ardoilte agus réidh don mhargadh fostaíochta.

Ar na cúrsaí céime, tá Gaeilge Fheidhmeach, Staidéar Cumarsáide agus Cumarsáid le Gaeilge. Ar na cláir iarchéime, tá Máistreachtaí sa Ghaeilge Fheidhmeach agus sa Staidéar Teanga. Clúdaíonn na cúrsaí dioplóma sa Ghaeilge, an Cultúr Dúchais agus Pleanáil agus Buanú Teanga. Cuireann OÉG Ghaoth Dobhair réimse de ghearrchúrsaí agus dianchúrsaí ar fáil fosta, lena n-áirítear cúrsaí Gaeilge agus oiliúint múinteoirí.

Tá clú faoi leith ar Ghaoth Dobhair nó is ceantar é ina bhfuil an cultúr traidisiúnta Gaelach beo beathach go fóill. Ach ceanglaíonn sé é seo le cultúr uaillmhianach fadcheannach atá dírithe ar chur chun cinn an fháis eacnamaíoch. Is i nGaoth Dobhair fosta atá gTeic lonnaithe – mol nuálaíochta agus digiteach. Tacaíonn gTeic le gnólachtaí úra agus gnólachtaí atá ag fás agus cothaíonn agus tacaíonn le cianoibreoirí agus fás fiontraíochta.

Fágann an teaglaim seo de chultúir thraidisiúnta agus nuálaíochta gur áit fhoirfe é Acadamh Ghaoth Dobhair OÉG le staidéar a dhéanamh. Nuair a chuirtear an méid sin, an suíomh fíorálainn ar chósta garbh an iarthar agus an lóistín inacmhainne le chéile, tá leat!

Tuilleadh Eolais

Tabhair cuairt ar bhaile ar-líne Acadamh Gaoth Dobhair chun tuilleadh eolais a fháil.

Tuilleadh Eolais
Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy