Cá háit a dtig staidéar a dhéanamh?

Coláiste Náisiúnta Iascaigh Bhord Mhara (BIM), An Chaisleán Nua

Is ionad oiliúna speisialtóra bia mara agus iascaigh é seo atá faoi stiúir Bhord Iascaigh Mhara (Gníomhaireacht Forbartha Bia Mara na hÉireann).   Tá sé d’aidhm aige tacú leo sin a oibríonn i dtionscal an bhia mara, na hiascaireachta agus na feirmeoireachta éisc. Tá cúnamh deontais ar fáil faoi choinne cuid de na cúrsaí seo.

Soláthraíonn Coláiste Iascaigh an Chaisleáin Nua cúrsaí san Innealtóireacht Mhuirí, Oiliúint Scipéara agus Criú, Oiliúint Sábháilteachta agus Cumarsáid. Tá idir ghearrchúrsaí scilbhunaithe, chúrsaí QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann) agus NFQ (Creat Náisiúnta Cáilíochtaí) acu aníos go dtí cúrsaí ar leibhéal dioplóma. Mar shampla, i gcomhpháirt le hIT Cheatharlach, soláthraíonn BIM Ard-dioplóma Gnó sa Ghnó Mara ag Leibhéal 8 ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Trí na cúrsaí do phróiseálaithe agus miondíoltóirí bia mara, soláthraítear oiliúint ar an tsábháilteacht bia, bainistiú sláinteachas bia mara agus forbairt miondíola. Chomh maith leis sin, tá nuálaíocht an Chláir Gnó Bia Mara Glas ann. Soláthraíonn an clár seo deis do rannpháirtithe coigilteas a dhéanamh trí éifeachtúlacht níos mó sa ghnó bia mara s’acu agus a bheith ag cuidiú leis an timpeallacht.

Ar na réimsí speisialtóra eile tá an cúrsa oiliúna Leibhéal 6 QQI do Thumadóirí Tráchtála – a bhfuil difear suntasach idir é agus cáilíochtaí sa tumadóireacht fóillíochta. Soláthraíonn sé oiliúint sa Tumadóireacht SCUBA agus sa Tumadóireacht Ghaireas Análaithe ón Dromchla Tráchtála. Déantar an Clár Lárbhainisteoireachta a reáchtáil i gcomhpháirt le IBEC. Soláthraíonn sé réimse de ghearrchúrsaí agus agus de chláir chreidiúnaithe a fhóireann do riachtanais thionscal an bhia mara.

 

Níos mó ar BIM

Tuilleadh eolais faoi na cúrsaí traenála ar fail sa Choláiste Náisiúnta Iascaigh.

Níos mó ar BIM
Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy