Cá háit a dtig staidéar a dhéanamh?

Ag stáidéar agus Traenail le BOO Dhún na nGall

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar an soláthróir oideachais agus oiliúna is mó i gContae Dhún na nGall. Cuireann siad réimse leathan de sheirbhísí oideachais agus oiliúna ar fáil do thart ar 29,000 scoláire gach bliain. Chomh maith leis an serbhís Breisoideachas agus Oiliúint leitheadach (FET), déanann BOO bainistíocht ar cúig cinn déag as na seacht mbunscoil is fiche i gcontae Dhún na nGall agus is comhpháirtí iontaobhaí iad ar ocht Scoil Phobail agus Cuimsitheacha. Soláthraíonn BOO Dhún na nGall oideachas agus oiliúint lasmuigh ina lárionad lonnaithe i Gartan, chomh maith le oideachas cheoil tríd an Comhpháirtíocht Oideachas Ceoil Dhún na nGall agus tá freagrachtaí dlíthiúla air as obair don ógra.

Bíonn siad ag gabháil go gníomhach do bhreisfhorbairt an tsoláthair oideachais agus oiliúna sa Chontae agus tá cruthaithe acu le fada go mbíonn de sholúbthacht acu freagairt do riachtanais agus d’uaillmhianta an phobail agus fostóirí.

Tá sé ar an phríomhsholáthróir Breisoideachais agus Oiliúna sa tír nó cuireann siad ar fáil réimse leathan de chúrsaí lán- agus páirtaimseartha ó Leibhéil 1-6; tugann thart ar 10,000 mac léinn faoi réimse ollmhór de chúrsaí achan bhliain agus iad dírithe ar gach leibhéal scile agus agus ábaltachta. Cuireann an tSeirbhís Bhreisoideachais agus Oiliúna cúrsaí agus cláir ar fáil fud fad an chontae i seacht gcinn déag d’Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna, 100+ ionad for-rochtana nó ar líne nó ar an láthair oibre d’fhostóirí.

Tacaíonn na Seirbhísí Rannpháirtíochta Fiontraíochta le fostóirí lucht saothair Dhún na nGall a uasoiliúint agus a athoiliúint. Ar na disciplíní a chuimsítear, tá riarachán agus gnó, innealtóireacht agus tógáil, ealaín agus teangacha, sláinte agus cúram, TF agus margaíocht, turasóireacht agus iompar, foghlaim teaghlaigh agus ghinearálta, forbairt ghairmiúil, spóirt agus eachtraíochta agus i bhfad níos mó. 

Faoin mBraisle Trasoideachais Breisoideachais agus Ardoideachais, Bíonn BOO Dhún na nGall ag obair agus ag comhoibriú go gníomhach lena chomhpháirtithe oideachais agus oiliúna sa chontae (Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn) agus trasna na teorann (Coláister Réigiúnach an Iar-Thuaisceart agus Ollscoil Uladh). Tá an obair seo ailínithe le hobair Chomhpháirtíocht Fáis Straitéiseach an Iarthuaiscirt chun forbairt Contae Dhún na nGall a chur chun cinn.

Aimsitheoir Cúrsa

Aimsitheoir Cúrsa

Tá cúrsaí breisoideachas agus treenail (FET) ar fáil thar réimse disciplíní mar riaracháin agus gnó, tógala, innealtóireacht, gruaig agus ailleacht, sláinte agus cúram shóisiálta, TF, teangacha agus spóirt agus aclaíocht.

 
tuilleadh eolais
Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin

Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin

Soláthraíonn siad réimse cuimsitheach de chláir eachtraíochta, fóillíochta agus oiliúna allamuigh ar an eastát 87 acra s’aige atá lonnaithe ar bhruach Loch Gartáin. Soláthraíonn an tIonad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh eispéiris foghlama ardchaighdeáin, dúshlán agus spraoi san áit fhiáin fhíor-álainn seo.

tuilleadh eolais
comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall

comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall

Oideachas ceoil inacmhainne agus insroichte do dhaoine óga. Clúdaíonn sé seo oiliúint iarscoile uirlise agus gutha i ngach seánra ceoil fud fad an chontae.

Tuilleadh Eolais
Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy