Obair i nDún na nGall

Cothromaíocht Oibre is Saoil

Éalaigh ón saol ina bhfuil ganntanas ama, comaitéireacht ina tranglam, easpa tithe agus cúram leanaí thar a bheith costasach go dtí saol úr i nDún na nGall. Fiosraigh roghanna cianoibre nó forbair do ghairm inár n-earnálacha Teicneolaíocht Airgeadais, Teicneolaíocht Leighis, cruthaitheachta, bia agus fáilteachais. Bain leas as ár nascacht ardluais agus aistrigh nó tionscain do ghnólacht anseo.

Samhlaigh dul ag surfáil ar do bhealach abhaile ón obair, nó dul a shiúl ar thrá órga ag am lóin, nó cosáin siúlóireachta a bheith de chóir baile agat, nó tírdhreach álainn mara agus sléibhe gach aon lá. An chuid is fearr d'Éirinn.... tá sé uilig i nDún na Gall!

Glac páirt inár líonra iontach de spóirt inrochtana ag leibhéal an phobail agus earnáil spóirt eachtraíochta atá ag fás. Bain sult as an saol beoga ceoil, ealaíne agus cultúir a d'eascair ó na glúnta a tháinig romhainn ach atá ag síorathrú agus ag forbairt. Caith tamall ag labhairt ár dteanga dhúchais sa phobal Gaeltachta is mó in Éirinn. Roinn ar a chéile ár n-oidhreacht seandálaíochta, lán caisleán agus dúnta, gallán agus ciorcail liag.

Míníonn clare Ryan as ITUS Securities agus Avril McGonagle an cothromaíocht oibre is saoil foirfe ata ar fáil i nDún na nGall. 

Múch agus Dícheangail

Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy