Cianoibre agus Moil

Cianoibre agus Moil

Tháinig borradh as cuimse ar an chianobair le linn 2020, tá Dún na nGall ar thús cadhnaíochta sa réimse seo. Tá athruithe ó bhonn déanta againn le freastal ar riachtanais chianoibrithe agus i Márta 2021, bhí muid i measc na gcéad Údaráis Áitiúla in Éirinn a ghlac le Straitéis Chianoibre. Ghlac muid go fonnmhar leis an nascacht agus cruthaíodh bonneagar ardluais digiteach atá lán chomh maith lena bhfuil ar fáil sna cathracha móra. Tá forbairt gréasán de mhoil chianoibre agus chomhoibrithe tugtha chun cinn again.

Léiríonn Sean McVeigh ó 'Output Sports' agus Brian Douglas ó 'Atlantic Design' na buntáistí a bhaineann le gnó a bhunú agus le bheith ag oibriú i spás comhoibrithe i nDún na nGall.

 

Cuireann Straitéis um Chianobair do Ghnó creatlach gníomhaíochtaí chumasú i láthair chun tacú le deiseanna cianoibre a fhorbairt.

Tá réimse tacaíochtaí agus acmhainní d’oibrithe iargúlta ar fáil a chuidóidh leat d’aistriú go Dhún na nGall a éascú.

Tá gréasán de mhoil nuálaíochta, dhigiteacha chomhoibre ag forbairt leis ar fud Chontae Dhún na nGall. Tairgtear iontu gach aon sórt ó leathanbhanda ardluais, svuíteanna iomlán oifigí agus oifigí aonair ina bhfuil spásanna cianoibre agus comhoibrithe.

Faigh deiseanna cianoibre ar na suíomhanna seo:

Apply
Select a date range
Map View
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy