Obair i nDún na nGall

Dinmiciúil,Úr, Inrochtana

I nDún na nGall, tá comhlachtaí móra ilnáisiúnta againn le cois bonn bríomhar fiiontraíochta a thairgeann conairí gairme iontacha.

Le tamall anuas tá muid ag mealladh daoine a bhfuil de rogha acu a bheith ag obair ón bhaile. Tá an chianobair níos fusa ná riamh agus áiseanna ar fud an Chontae againn agus tá réimse de mhoil chomhoibrithe agus pobail againn sa dóigh go dtig leat a bheith chomh táirgiúil agus is féidir. I measc na dtionscal atá ag fás anseo tá na hearnálacha mara, cruthaitheachta, bia agus turasóireachta agus gnóthais mhóra idirnáisiúnta ar nós Pramerica, Tata, Abbott agus Zeus agus iad uile réidh le fáilte a chur roimh dhaoine a bhfuil na buanna agus na scileanna cuí acu.

Gné iontach tábhachtach na praghsanna ísle réadmhaoine agus cúram páistí má tá tú ag smaoineamh ar theacht ag obair i nDún na nGall. Níl deacracht ar bith le fad an turais chuig do chuid oibre agus leis an oiread áilleachta agus gníomhaíochta de chóir baile beidh an cothromaíocht idir an obair agus an chuid eile de do shaol díreach i gceart.

 

Míníonn Patrick Lynch as Bio Ledger agus Brian Dougla agus Atlantic Design cén fáth tá achan rud níos fearr i nDún na nGall. 

Níos mó ar Obair i nDún na nGall

Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy