Tá Athghiniúint ár mbailte agus ár sráidbhailte ar fud an chontae rí-thábhachtach do thodhchaí Dhún na nGall. Anseo thíos tá roinnt tionscadail athghiniúna atá ar siúl faoi láthair. Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh a fháil amach.
Tionscnamh suaitheanta, atá mar phairt de Tionscadal Éireann2040 faoi stiúir Foireann Athghiniúna agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall. Bunóidh Leitir Ceanainn 2040 fís láidir uaillmhianach do thodhchaí an bhaile mar ionad réigiúnach iomaíoch, ag mealladh infheistíochta agus ag aithint sraith tionscadail chun athrú shóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil lár an bhaile a bhaint amach.
D’fhógair Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae Dhún na nGall i Meitheamh 2021, aighneacht de chuid Joseph McCallion mar an coincheap dearaidh a bhuaigh sa chomórtas ailtireachta chun Cearnóg an Mhargaidh, Leitir Ceanainn a athshamhlú. Tá a dhearadh cóngarach.
tuilleadh eolaisTá Straitéis Athghiniúna spreagúil agus físiúil curtha i gcrích agus foilsithe ag Grúpa Athghiniúna na Cealla Beaga i gcomhar le Comhairle hContae Dhún na nGall. Is treochlár é de phríomhthosaíochtaí agus ghníomhartha maidir le athghiniúint inbhuanaithe lár bhaile na gCealla Bheaga suas go dtí 2040 agus níos faide.
Tá an Fhoireann Athghiniúna agus Forbartha i gComhairle Contae Dhún na nGall ag cur pleananna chun cinn chun na Cealla Bheaga a athghiniúint. Oibreoidh siad leis an réimse poiblí a fheabhsú agus cumas fisiceach, sóisialta agus eacnamaíoch an Bhaile a neartú. Féachann an fhorbairt atá beartaithe le tacú agus seirbhís don earnáil turasóireachta atá ag fás trí athúsáid an fhoirgnimh ar a dtugtar 'Island House' mar oifig faisnéise turasóireachta. Beidh mol digiteach san fhoirgnimh seo chomh maith le roghanna oibre solúbtha. Beidh sé suite in aice le spás cathartha athghinte le h-úsáid ag turasóirí agus ag an bpobal áitiúil.
tuilleadh eolais
Tá Foireann Athghiniúna agus Forbartha an Chomhairle Chontae, i gcomhpháirtíocht le Spraoi agus Spórt, ag moladh Tionscadal Athghiniúna Lár an Bhaile i gCarn Domhnach, Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall. Beidh sé mar aidhm ag an tionscadal corraitheach seo aghaidh a thabhairt ar spriocanna athghiniúna fisiciúla agus shóisialta an bhaile trí fhoirgnimh atá folamh nó tréigthe a athbhunú chun ‘mol’ lárnach nua a chruthú a éascóidh raoin éagsúil riachtanais óige, tráchtála, sóisialta, cruthaitheach, áineasa agus turasóireachta chomh maith le deiseanna cianoibriú iar-ghúlta. moltar idirghabhálacha sa réimse poiblí freisin.
tuilleadh eolaisD’fhoilsigh Foireann Athghiniúna & Forbartha an Chomhairle Chontae, i gcomhar le Comhairle Pohbail Comhtháite Bhealach Féich agus Sraith an Urláir (BASICC) pleananna corraitheacha do thionscadal athghiniúna lár bhaile i mbaile fearainn Bealach Féich i lár bhailte mBealach Féich-Sraith an Urláir agus i gCeantar Bardasach Sraith an Urláir, Contae Dhún na nGall.
Is tionscadal inbhuanaithe, glas, athghiniúna é an tionscadal ‘SEED’ agus is é an aidhm atá i gceist nó chun lair bhailte Bealach Féich agus Sraith an Urlair a athbheochan trí cruthú-áit agus na daoine. Seachadfaidh an tionscadal ‘croí lár an bhaile’ trí spás cathartha / cearnóg baile nua le taitneamhachtaí poiblí i lár an bhaile, chomh maith le spás fiontraíochta i bhfoirgneamh oidhreachta athdhéanta agus cumas páirceála breise i lár an bhaile.
tuilleadh eolais
Tá sonas ar Fhoireann Athghiniúna agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le GM Design Associates, seoladh ‘TODHCHAÍ Béal Átha Seannaidh' a fhógairt. Tionscadal físithe a sheachadfaidh Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta do Lár Bhaile Béal Átha Seannaidh. Soláthróidh an Straitéis Athghiniúna agus an Phlean Ghníomhaíochta fráma fianaise a leagfaidh amach na mianta agus na tosaíochtaí athghiniúna do todhachaí bhaile Bhéal Átha Seanaidh, agus sainaithneofar raoin ghníomhaíochtaí iontafa agus insoláthartha, forbairt idirghabhálacha agus tionscadal go céim an dearaidh coincheapa a mbeidh ailínithe le sruthanna maoinithe ábhartha chun tacú lena sheachadadh.
tuilleadh eolaisIs tionscadal físiúil é TODHCHAÍ An Chlocháin Léiath a sholáthróidh Straitéis Athghiniúna agus Plean Ghníomhaíochta do Lár Baile An Clochán Liath. Bunóidh an Straitéis Athghiniúna agus an Plean Ghníomhaíochta mapa bóthair do athshlánú; athshamhlú agus cruthú-áite i lár an bhaile a thabharfaidh athnuachán agus athghiniúint fiúntach agus marthanach trí raoin smaointe, gníomhaíochtaí agus tionscadal a mbeidh thairbhí eacnamaíocha agus sóisialta mar thoradh orthu agus a chabhróidh le todhchaí bríomhar a chinntiú don Chlochán Liath mar bhaile cinn scríbe le mothú sainiúil áite.
tuilleadh eolais
Tacóidh Plean Gníomhaíochta Ráth Mealtain le athnuachán agus le athghiniúint an bhaile trí roinnt gníomhaíochtaí atá deartha chun a chumas a chomhlíonadh, agus an timpeallacht stairiúil san áit a fheabhsú. Tá sé mar aidhm ag na gníomaíochtaí atá leagtha amach sa phlean seo carachtar Ráth Mealtain a chosaint mar Bhaile Oidhreachta ainmnithe agus úsáid a bhaint as a bhailedreach uathúil chun a áit dhéanamh níos fearr le bheith ina chónaí ann agus cuairt a thabhairt air.
Cinnteoidh an Phlean seo go mbeidh Ráth Mealtain in ann leas a bhaint as maoiniú agus deiseanna infheistíochta sa todhchaí de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn agus tacóidh sé leis an earnáil phobail agus ghnó áitiúil, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae Dhún na nGall, chun athghiniúint agus soláthar forbairt inbhuanaithe agus íogair a chumasú laistigh den bhaile. Sainmhíníonn an Phlean fís do thodhchaí an bhaile agus cuimsíonn sé oinnt smaointe, gníomhaíochtaí agus tionscadal a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun an fhís sin a bhaint amach.
tuilleadh eolaisTá an fhorbairt beartaithe mar pháirt de thionscadal níos leithne agus nasctha darbh ainm ‘Harbour to Island Regeneration' ar son athghiniúint Ailt an Chorráin agus Árainn Mhór. Soláthróidh Céim 1 den tionscadal leis an Chuan lonnaithe I Ailt an Chorráin a chlaochlú go spás ilúsáideoirí le bonneagar iompair nua-aimseartha, taitneamhachtaí poiblí, seirbhísí agus páirceáil agus forbróidh sé caitheamh aimsire cois cladaigh, taitneamhacht lasmuigh agus spás imeachta ar Oileán Aranmore.
Phase 2 of the project proposes a new harbour building and enterprise units building that will present as an important physical element of the overall development and provide a valuable opportunity to introduce regenerative physical development, a diversification of uses and quality architecture to the marine and harbour environment
Molann Céim 2 den tionscadal foirgneamh nua cuan agus aonad fiontraíochta a bheith mar ghné fhisiciúil thábhachtach den fhorbairt fhoriomlán agus a thabharfaidh deis luachmhar forbairt fhisiceach athghiniúnach, éagsúlú úsáidí agus ailtireacht ardchaighdeáin a thabhairt isteach sa timpeallacht mhuirí agus chuain.
tuileladh eolais