Infheistiú i nDún na nGall

Geilleagar Glas

Tacaíonn Dún na nGall le le spriocanna náisiúnta na hÉireann le dramhaíl a laghdú, fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus ár dtimpeallacht álainn a chosaint. Faoi láthair is cumhacht ghaoithe agus barra bithmhaise na hacmhainní fuinnimh in-athnuaite is mó atá againn sa chontae. Trína cuid oibre féin agus comhoibriú i dtionscadail LEADER, cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall béim ar an ghá ata leis na bearta seo a leanas a chur chun cinn:

  • cosaint agus caomhnú uisce a mhéadú,
  • truailliú a laghdú,
  • modhanna forbartha ar beag a dtionchar,
  • speicis dhúchasacha a éascú,
  • bainistíocht inbhuanaithe dramhaíola,
  • éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe
  • úsáid fuinneamh in-athnuaite

Tá obair ar siúl faoi láthair chun sprioc 2045 do Réigiún Chathrach an Iarthuaiscirt a bhaint amach (i gcomhair le Comhairle Cathair Dhoire agus an Srath Bán) le bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2045.

Tá ráta ard comhlíonta ag Dún na nGall i dtaca le huisce óil. Maidir leis an fharraige, is againne atá an dara líon is airde tránna Brat Gorm sa Stát. Tá earnáil gnólachtaí Teicneolaíocht Ghlantóireachta againn atá ag fás. Oibríonn na comhlachtaí seo le tionchair dhiúltacha thimpeallachta a laghdú trí éifeachtúlacht shuntasach fuinnimh, úsáid inbhuanaithe acmhainní nó gníomhaíochtaí cosanta comhshaoil.

Níos mó ar Infheistiú i nDún na nGall

Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy