Cónaí i nDún na nGall

Ó Áit go hÁit

Tá Dún na nGall suite in Iarthuaisceart na hÉireann agus cé go bhfuil sé suite sa chuid is faide ó thuaidh d’Éirinn, tá sé suite i bPoblacht na hÉireann. Níl aistear fada chuig do chuid oibre i ndán duit i nDún na nGall, agus is beag an trácht a bhíonn ann, agus oiread áilleachta ar fud Shlí an Atlantaigh Fhiáin! Tá Dún na nGall timpeall 3 uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath agus díreach 2 uair ó Bhéal Feirste.

An bealach is speisiálta chun teacht isteach sa chontae ná trí ceann dena h-aerfoirt is áille ar domhan – Aerfort Dhún na nGall ar an Charraig Fhinn. Níl aerfort Chathair Dhoire i bhfad ar shiúl, ná aerfort Cnoc i gContae Mhaigh Eo ach an oiread.

Tá seirbhísí báid mar nasc le phobail na Gaeltachta ar oileáin Thoraí agus Árainn Mhór, ar an chósta thiar. Bíonn báid séasúrach ar fáil ar an Loch Feabhail a nascann Rinn Mhic Giollagáin i nDoire leis an Chaisleán Glas. Is féidir dul ar bhád ó Bhun Cranncha go Ráth Maoláin ar an Loch Súilí

 

Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy