Trí Dhún na nGall a roghnú, is féidir leat na liostaí feithimh fada do chúram leanaí agus scoileanna a bhíonn ag go leor tuismitheoirí cathrach a sheachaint. Tá cúram leanaí i bhfad níos inacmhainne anseo freisin, rud a thógann go leor brú ar bhuiséid teaghlaigh.
Tá réimse leathan roghanna bunscoile ar fud Dhún na nGall agus ag leibhéal iar-bhunscoile soláthraíonn BOO Dhún na nGall réimse leathan seirbhísí oideachais do go leor scoileanna.
Ag an mbunleibhéal, tá beagnach 180 scoil againn i nDún na nGall. Is féidir leat rogha a dhéanamh ó Scoileanna Náisiúnta atá á reáchtáil ag an Stát agus ag an eaglais, Gaelscoileanna - áit a ndéantar an teagasc trí Ghaeilge, agus scoileanna ilchreidmheacha Educate Together.
BunscoileannaAg leibheál iar-bhunscoile, Is iad scoileanna agus coláistí pobail an-inrochtana is mó atá ag soláthar oideachais. Tagann siad seo faoi Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Is féidir leat rogha a dhéanamh freisin ó scoileanna eaglaise agus coláistí dara leibhéal meán-Ghaeilge.
tulleadh eolaisDéanann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall bainistíocht ar cúig iar-bhunscoil dhéag amach as fiche seacht atá lonnaithe ar fud an Chontae agus na h-oileáin ag tairiscint teagaisc trí Bhéarla agus Ghaeilge. Is comhpháirtí iontaobhais iad freisin d’ocht scoil Chomhphobail agus Chuimsitheach eile.
tuilleadh eolais