Cónaí i nDún na nGall

Ealaín & Cultúr

Is foinse mhór bróid é cultúr uathúil agus éagsúil Chontae Dhún na nGall. Bhí ár gContae agus a chultúr fite fuaite ina chéile i gcónaí. Is fórsa uilechuimsitheach, éabhlóideach é an chultúr seo a chuidíonn linn a chur in iúl agus ceiliúradh a dhéanamh ar cé muid mar dhaoine éagsúla, traidisiúnta agus nua-aimseartha.​Trínár n-ealaíon, leabharlanna, teanga agus oidhreacht, taispeánann muid Contae a bhuaileann buille chultúrtha uathúil. Creidimid gur chóir an buille seo a chloisteáil os ard, go soiléir agus go muiníneach ar fud sléibhte agus lochanna Dhún na nGall, na hÉireann agus ar fud an domhain.​

Tá 78 féile bhliantúla ann, os cionn 3,400 séadchomhartha seandálaíochta, ionaid ealaíne agus amharclanna mór le rá, is taispeántas de chultúr, oidhreachta agus na healaíona é Dhún na nGall. Tá luach mór againn ar an tallann ceoil, ealaíne agus cruthaitheach agus cothaímid é agus soláthraímid baile do go leor ceoltóirí traidisiúnta den scoth a bhfuil aitheantas domhanda acu mar Altan agus Clannad, agus ceoil traidisiúnta a théann siar na céadta bliain de chruinnithe neamhfhoirmiúla. In a lán áiteanna eile in Éirinn, níor tháinig radharc den chineál seo slán, ach i nDún na nGall, tá sé fós inár DNA agus choinníomar go teann leis an thraidisiún luachmhar Éireannach seo.​

 

Ionad Réigiúnach Cultúrtha

Ionad Réigiúnach Cultúrtha

Ionad ealaíne a bhuaigh duaiseanna, a threoraíonn agus a cuidíonn le bhforbairt chultúrtha agus a dhéanann speisialtóireacht ar na hamharc-ealaíona, ceoil, scannáin & meáin dhigiteacha agus oideachas.

tuilleadh eolais
Músaem Dhún na nGall

Músaem Dhún na nGall

Develops and cares for a comprehensive collection of original artefacts relating to the history of Donegal. Forbraíonn an músaem agus tabhaireann siad aire do bhailiúchán cuimsitheach de dhéantáin bhunaidh a bhaineann le stair Dhún na nGall.

tuilleadh eolais
Seirbhís Leabharlanna Dhún na nGall

Seirbhís Leabharlanna Dhún na nGall

Spásanna cultúrtha chun deiseanna a chruthú le saol an phobail a fheabhsú. Cuireann leabharlanna bród, muinín agus féiniúlacht chun cinn sa chultúr áitiúil agus náisiúnta.

tuilleadh eolais
Amharclann an Ghrianán

Amharclann an Ghrianán

Soláthraíonn an amharclann is mó i nDún na nGall réimse cláir lena n-áirítear drámaíocht, greann, ceoil, pantomaim, agus seónna teaghlaigh chomh maith le ceardlanna agus ranganna.

tuilleadh eolais
Teach agus Gailearaí Gléibe

Teach agus Gailearaí Gléibe

Suite i Mhín an Lábáin, bhí an teach, a bhí ina Reachtaire Eaglais na hÉireann ar dtús, ina bhaile don phéintéir tírdhreacha agus portráid Derek Hill ó 1954.

tuilleadh eolais
Amharclann Ghaoth Dobhair

Amharclann Ghaoth Dobhair

Is é Amharclann Ghaoth Dobhair an t-aon amharclann atá go h-iomlán trí mheáin na Gaeilge sa tír, suite i gcroílár na Gaeltachta.

tuilleadh eolais
Ionad Ealaíon na Mainistreach

Ionad Ealaíon na Mainistreach

Cuireann Ionad Ealaíon na Mainistreach 3 amharclann ar fail le toilleadh suíocháin éagsúla agus óstálann sé réimse ealaíon agus siamsaíochta ar ardchaighdeán i rith na bliana.

tuilleadh eolais
Sráidbhaile Ceardaíochta Dhún na nGall

Sráidbhaile Ceardaíochta Dhún na nGall

Coiteann cruthaitheach de stiúideonna agus siopaí ceardaíochta agus ealaíne agus iad go léir lonaithe timpeall ar chlós álainn.

tuilleadh eolais
Ionad Ealaíon Balor

Ionad Ealaíon Balor

Bíonn timpeall 140 léiriú ceoil, drámaíocht agus grinn gach bhliain san ionad ealaíon saintógtha seo i nDún na nGall.

tuilleadh eolais
An Gailearaí

An Gailearaí

Gailearaí gairmiúil atá suite i nGaoth Dobhair, a thaispeánann amharc-ealaíon comhaimseartha den scoth don phobal.

tuilleadh eolais
Oifig Oidhreachta

Oifig Oidhreachta

Ag cur oidhreacht chultúrtha, thógtha agus nádúrtha Chontae Dhún na nGall chun chinn a agus comhairle agus eolais ar chúrsaí oidhreachta a sholáthar don phobal.

tuilleadh eolais
Cartlanna an Chontae

Cartlanna an Chontae

Déanann sé cartlanna stairiúla, oidhreachta agus cultúrtha an chontae a bhainistiú, a chaomhnú agus a dhéanamh inrochtana.

tuilleadh eolais
Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy