Cónaí i nDún na nGall

An Spórt & an Saol Amuigh Faoin Aer

Cuid lárnach de shaol a lán de mhuintir Dhún na nGall é an spórt. Is páirt mhór dár bhféiniúlacht é agus foinse paisean agus bród do mhuintir Dhún na nGall sa bhaile agus níos faide i gcéin.

An rud is iontaí faoin spórt agus an saol amuigh faoin aer i nDún na nGall ná gur furasta páirt a ghlacadh agus do chuid féin a dhéanamh de. Ba é páirt a ghlacadh sa chub áitiúil bealach ar dóigh chun nasc a dhéanamh le do phobal agus leas a bhaint as an mothú muintearais.

Mura bhfuil suim agat sna cumainn, tá neart bealaí eile ann le bheith gníomhach amuigh faoin aer. Tá ionaid surfála, seoltóireachta, canúáil agus eachtraíochta ar fud an chósta go léir. Tá réimse conairí siúil agus rothaíochta ar fud an chontae más fearr leat dul do bhealach féin. Tá líon suíomhanna oidhreachta dochreidte, gan truailliú le feiceáil: caisleáin, dúin, ciorcal chloiche, crosanna agus galláin gan trácht sainchomharthaí aitheanta mar na h-aillte farraige ag Sliabh Liag, Cionn Mhálanna agus Grianán Ailigh.

 

Cuardaigh Gníomhaíochtaí Spóirt agus Allamuigh Dhún na nGall

Dún na nGall Gníomhach

Dún na nGall Gníomhach

Donegal Sports Partnership was formed with a key aim, to promote and develop sport and physical activity in Donegal . Their website provides a wide range of resources and information on the local sporting scene. Cruthaíodh Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall le príomhaidhm amháin, spóirt agus gníomhaíocht fisiciúil a chur chun cinn agus a fhorbairt i nDún na nGall. Soláthraíonn a suíomh idirlíon réimse leathan acmhainní agus eolais ar spóirt áitiúil.

tuilleadh eolais
Clubanna CLG

Clubanna CLG

Is é CLG Dhún na nGall an bord atá freagrach as Cluichí Gaelach a chur chun cinn agus a riaradh i gContae Dhún na nGall. Tá os cionn 40 chlub sa Chontae ag éascú peil Ghaelach, iománaíocht, camógaíocht srl. do dhaoine fásta agus do leanaí.

tuilleadh eolais
Clubanna Sacar

Clubanna Sacar

Le níos mó ná 60 club sacar scaipthe ar fud Dhún na nGall, cibé má tá tú suite i sráidbhaile níos lú nó i mbaile níos mó, beidh club sacar i gcroílár an phobail réidh chun fáilte a chur roimh bhaill nua.

tuilleadh eolais
Clubanna Rugbaí

Clubanna Rugbaí

Tá rugbaí i nDún na nGall ag fás ó neart go neart le clubanna mar RFC Bhaile Dhún na nGall agus RFC Leitir Ceanainn ag cur an spóirt chun cinn sa Chontae. Bí i do chlub áitiúil inniu agus tú féin a thumadh san earnáil spóirt seo atá ag fás.

tuilleadh eolais
Clubanna Luthchleasaíocht

Clubanna Luthchleasaíocht

Má tá suim agat páirt a ghlacadh i rith bóthair, rian agus réimse, tras-tír nó rásaíocht siúl, tá roinnt clubanna seanbhunaithe chun do mharc féin a chuir. Tá réimse áiseanna úrscothacha ann freisin mar Ionad Ghleann Fhinn le húsáid ag an bpobal.

tuilleadh eolais
Gníomhaochtaí Lasmuigh

Gníomhaochtaí Lasmuigh

Dá mb’fhearr leat dhícheangaladh agus tírdhreach Dhún na nGall a thaiscéaladh, soláthraíonn Donegal.ie eolais faoin réimse gníomhaíochtaí lasmuigh atá le tairiscint ag an gContae ó siúl cnoic, sléibhteoireacht, rothaíocht srl.

tuilleadh eolais
Image Section
Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy