News

Image Section

Léirithe Spéise á lorg le Teach an Oileáin – Spás Úrnua Fiontraíochta sna Cealla Beaga a thógáil ar léas

Tá Dún na nGall 2040 ag lorg léirithe spéise uathu sin a bhfuil suim acu spás fiontraíochta i dTeach an Oileáin sna Cealla Beaga a thógáil ar léas.

Is spás úrnua ar ardchaighdeán é Teach an Oileáin atá suite go straitéiseach ar Chalafort na gCealla Beaga (F94 HY8V), mórchalafort iascaireachta na hÉireann agus tá spás úrnua oifige 350m2 ann.

Tá bailchríocha ar ardchaighdeán le cois leathanbhanda snáthoptaice ar ardluas, agus radhairc áille ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin le fáil ann chomh maith. San fhoirgneamh féin, tá Oifig Turasóireachta ar an bhunurlár (tionónta in situ) agus dhá urlár ina bhfuil spás oifige/fiontraíochta plean oscailte, le cois léibheann taobh amuigh ar an dara hurlár ag amharc amach ar an Atlanch.

Tá Teach an Oileáin mar chuid de Tionscadal Athghiniúna Lár Bailte do  Na Cealla Beaga atá maoinithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoin Chiste um Athighiniúint agus Forbairt Tuaithe agus Tionscadal Éireann 2040, i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia & Mara.

Rinne Ailtirí McCabe, Baile Dhún na nGall an foirgneamh a dhearadh agus rinne comhlacht tógála McDermott & Trearty Teo, Leitir Ceanainn an obair thógála. Tá an foirgneamh ag teacht le caighdeáin fuinnimh NZEB agus tá Rátáil Fuinnimh Foirgnimh A2 ag an spás atá le ligean ar léas.

Is cuideachta gníomhaíochta ainmnithe é Dún na nGall 2040 a chuir Comhairle Contae Dhún na nGall ar bun chun forbairt eacnamaíochta agus infheistíocht a chur chun cinn agus chun príomhshaoráidí tráchtála a bhainistiú.

Dúirt Michael Ó hÉanaigh, Cathaoirleach ar Dhún na nGall 2040:

“Is léiriú é Teach an Oileáin ar infheistíocht mhór ata á déanamh i dtodhchaí na gCealla Beaga agus iardheisceart Dhún na nGall i gcoitinne. Tá an áis úrnua seo tíosach ar fhuinneamh agus deartha le borradh a chur faoi chúrsaí fiontraíochta, nuálaíochta agus cruthú fostaíochta i gceann de na háiteanna is tábhachtaí ó thaobh na mara de in Éirinn. Ba dheas linn dá ndéanfadh gnólachtaí uaillmhianacha a machnamh ar na deiseanna iontacha a thig a theacht chun cinn de bharr forbairt dá mhacasamhail.”

Le foirm Léirithe Spéise a iarraidh agus le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le info@donegal2040, agus cuir ‘Teach an Oileáin, Na Cealla Beaga’ i líne an ábhair.

Ní mór na foirmeacha líonta a sheoladh ar ais chuig info@donegal2040 roimh 4pm ar an Mháirt, 1 Meán Fómhair 2026.

 

 

Coimead i dteagmhail. Cláraigh le haghaidh nuashonruithe, nuacht agus imeachtaí.

Visit Donegal website use cookies. By continuing to browse the site you are agreeing to our use of cookies. For more details about cookies and how to manage them see our cookie policy