Féile an phobail a dhéanann cultúr, teanga agus óige an cheantair a cheiliúradh.
Beidh ceolchoirm ar siúl don mhintir óg Déardaoin agus beidh Oíche Oscailt Oifigiúil na Féile in Aislann Rann na Feirste Dé hAoine. Beidh páistí na Gaeltachta agus ó na gaelscoileanna ar an ardán Dé Sathairn don chomórtas aithriseoireachta Abair Amach agus beidh comórtas scéalaíochta agus filíochta á reáchtáil do na daoine fásta san oíche. Tá iarratais á nglacadh do Chomórtais Scríbhneoireachta agus Ealaíne chomh maith. Cuirfear deireadh leis an fhéile le hAifreann Gaeilge i dTeach 'Phobail Anagaire Dé Domhnaigh.